Córfhéile na Scoileanna
Baile Átha Cliath
Dreacht-bhunracht, cumtha ag cruinniú fo-choiste, Deireadh Fómhair, 1967.
Glacadh mar bhunreacht, A.G.M. 1967. Leasaithe ag A.G.M. 1988.
Ainm:
Beidh mar ainm ar an eagraíocht – Cumann Cór Fhéile na scoileanna, Áth Cliath.
Cuspóirí:
Iolchruinniú Bliantúil:
Dualgais na n-Oifigeach agus an Choiste:
Cúrsaí Airgid:
An Bhunreacht:
Chun an bhunreacht a leasú nó cur léi caithfidh tromlucht dhá thriú den Chruinniú Bliantúil glacadh leis an tairiscint.
Baile Átha Cliath
Dreacht-bhunracht, cumtha ag cruinniú fo-choiste, Deireadh Fómhair, 1967.
Glacadh mar bhunreacht, A.G.M. 1967. Leasaithe ag A.G.M. 1988.
Ainm:
Beidh mar ainm ar an eagraíocht – Cumann Cór Fhéile na scoileanna, Áth Cliath.
Cuspóirí:
- Feidhmeoidh an cumann chun deis a thabhairt don aos óg gnéithe éagsúla den cheoltóireacht fhóirneach a chur os comhair an phobail.
- Spéis a mhuscailt sa cheol i gcoitinne agus go háirithe i gceol na hÉireann.
- Ceol oiriúnach a chur ar fail.
- Cabhrú le múinteoirí trí léachtaí agus díospoireachtaí ar gnéithe éagsúla an cheoil a chur ar fail.
Iolchruinniú Bliantúil:
- Tionólfar iolchruinniú bliantúil an chumainn go luath sa scoil-bhlian, roimh an 15ú lá de mhí na SAmhna, ar a dhéanaí. Cuirfear cuntas os comhair an chruinnithe sin ó na hoifigigh seo: an Cathaoirleach, an Rúnaí Onórach, an Cisteoir Onórach.
- Cuirfear cuntais an Rúnaí agus an Chisteora ar fail do chruinniú an choiste roimh an iolchruinniú agus do na scoileanna a bhí páirteach i gCórFhéile na Scoilbliana roimhe sin.
- Toghfar ag an gcruinniú sin Cathaoirleach, Leas-Cathaoirleach, Rúnaí Onórach agus Cisteoir Onórach maraon, le deichniúir coisteóirí (Ba cheart ionadaíocht a bheith ann ó na trí brainsí éagsúla scoileanna más féidir sin) agus beidh feidhm leis na ceapacháin sin go deireadh an chéad chruinniú chinn-bhliana ina dhiaidh sin. Beidh gach ionadaí scoile díobh siúd i láthair iontafa mar oifigeach nó mar bhall den choiste agus beidh cead vótála ag gach ionadaí a bheidh i láthair. Tá cumhacht ag an gCoiste baill bhreise a chomhthóghadh don choist-líon nach mó ná triúr.
- Cuirfear amach fógra i dtaobh an chriunnithe seacht lá roimh gach cruinniú choiste, ach amháin i gcásanna práinneacha.
Dualgais na n-Oifigeach agus an Choiste:
- Cór Fhéile bliantiúl a reachtáil agus na cuspóirí a luadh thuas a chur i gcrich. (1.1.). Féile cultúrtha gan aon cheist iomaíochta a bhéas i gceist. (1.2.). Ní dhéanfar aon léirmheas poiblí ar dhream ar bith ach cuirfear ar fail go príobháideach comhairle agus moladh ó dhaoine oilte sa cheol, a thoghas an coiste mar chomhairleoirí le linn an fhéile a bheith ar siúl. (1.3.). Glacfar le h-iarratais bheith páirteach sa bhFéile ó scoil ar bith, nó ó bhuíon ar bith faoi bhun 21 bliain, ach sé an coiste a roghnós na míreanna a léirofar. (1.4.). Socróidh an coiste pé táillaí a bhéas le h-íoch ag rann-pháirtithe.
- Ceapfaidh an coiste Éarlamh, Stiúrthoir, Leas-Stiúrthoir, agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí más gá. Baill den choiste ex-officio iad na hoifigigh seo.
- Tiocfaidh gach gnáth-chruinniú coiste le chéile ar fhógra an Rúnaí Onóraigh, tar éis dó treoir d’fháil ón gCathaoirleach.
- Caithfidh cúigear coisteóirí ar a laghad a bheith i láthair chun go mbeadh cruinniú feidhmiúil ann.
- Tig leis an gcoiste folúntais a tharlaíonn i rith na bliana a líonadh, má bhíonn gá leis, agus fo-choistí a cheapadh.
- Má bhíonn ball den choiste as láthair trí uair i ndiaidh a chéile ó chruinnithe an choiste gan leithscéal sásúil, ní bheidh an duine sin mar bhall den choiste a thuilleadh.
- Tabhfar an tinnreamh i leith na gnáth-chruinnithe uile i gcuntas cinn-bhliana an Rúnaí Onóraigh.
Cúrsaí Airgid:
- Beidh an Cisteoir Onórach freagarthach don choiste as úsáid airgid an chumainn. Coinneófar airgead an chumainn sa bhanc. Is iad an Cathaoirleach agus an Cisteoir Onórach a shíneoidh seiceanna.
- Úsáidfear maoin an chumainn chun aidhmeanna agus cuspóirí an chumainn a chomhlíonadh.
- Má chuirtear deireadh leis an gcumann ar chúis ar bith bronnfar pé airgead atá sa chiste, tar éis fiacha an chumainn a glanadh, ar eagraíocht éigin in Éirinn go mórmhór ar cheann a chathaíonn an culture náisiúnta i measc na n-óg.
An Bhunreacht:
Chun an bhunreacht a leasú nó cur léi caithfidh tromlucht dhá thriú den Chruinniú Bliantúil glacadh leis an tairiscint.